GaeilgeEnglish
Frontpage Slideshow | Copyright © 2006-2012 JoomlaWorks Ltd.

Senator Labhrás Ó Murchú

Rugadh an Seanadóir Labhrás Ó Murchú i gCaiseal Mumhan, Co. Thiobraid Árann, áit ina gcónaíonn sé fós.  Tá sé pósta le hÚna Ní Rónáin, a thagann as Cill Mháille, Co. an Chláir ó dhúchas.

Chaith sé tréimhse ag obair mar chléireach dlí ina bhaile dúchais sular fostaíodh é le Comhairle Contae Thiobraid Árann an Trian Theas i gCluain Mheala.  Tar éis sin, d’fhreastail sé mar Thimire le Conradh na Gaeilge.

Faoi láthair, saothraíonn Labhrás Ó Murchú mar Ard-Stiúrthóir le Comhaltas Ceoltóirí Éireann – gluaiseacht cultúrtha Gaelach atá bunaithe i 15 thír ar 4 mhór-roinn.

Ba i 1997 a thoghadh é ina bhall den tSeanad don chéad uair agus tá an oifig ina sheilbh aige ó shin i leith.  Bíonn obair urlabhraí Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta Fhianna Fail á dhéanamh aige sa Seanad agus gníomhaíonn sé mar bhall den Chomhchoiste an Oireachtais um Chomhshaol, Cultúr agus Gaeltacht.

Ar bhonn áitiúil, d’fhreastail sé mar bhall den Chomhairle Baile Chaiseal Mumhan ar feadh 18 mbliain agus mar Chathaoirleach roinnt amanna.  Tá roinnt drámaí léirithe aige agus thug sé faoi ranganna Gaeilge agus Rince Céilí á theagasc freisin.

Bhunaigh sé an eagraíocht, Cumann an Phiarsaigh agus freastalaíonn sé mar Chathaoirleach ar Fhondúireacht an Phiarsaigh a thugann onóir don tírghráthóir ó 1916, Pádraig Mac Piarais.  Saothraíonn sé mar Chathaoirleach ar an Irish Family History Foundation atá i mbun seirbhís ghinealaigh forleathan.

Ghlac an Seanadóir Ó Murchú Gradam Cathrach Baile Átha Cliath ón Ard-Mhéara, Seán Dublin Bay Loftus nach maireann ar son a shaothair cultúrtha agus athmhuintearais.  Ainmníodh an Seanadóir Ó Murchú mar Thiobradach na Bliana in Éirinn agus sa Bhreatain.

Is iomad cuirí chun ócáidí labhartha atá glactha ag an Seanadóir Ó Murchú ní hamháin in Éirinn ach thar lear – sa tSeapáin, sa tSín, ‘sa Chóiré Thuaidh, ‘sa Chóiré Theas, ‘sna Stáit Aontaithe, i gCeanada agus sa Bhreatain san áireamh.  D’fheidhmigh sé ar son na hÉireann ag an gComhdháil Eorpach – Áiseach i Singeapór.

Tá eagarthóireacht ar an iris cultúrtha “TREOIR” idir lámha aige freisin.

An Nuacht Is Déanaí